Sunday, December 29, 2013

Out with the old...

Is cuimhin liom go maith an chéad bhlag a chruthaigh mé. Phlé mé gach uile ábhar a theastaigh uaim a phlé agus ba líon beag duine a léigh é go rialta - má léigh deichniúr an bhlag, bhéinn fiú amháin ag tabhairt uimhir ró-ard.


Sa bhliain 2008, agus gan TG4 a chuir san áireamh, ní raibh mórán nuachta á chraoladh as Gaeilge. Go háirithe do Ghaeilgóir atá lonnaithe thar lear le beagnach 9 mbliain anuas, is minic a bhraithim an iarghúltas, an easpa suime sin i leith rudaí Gaeilge a léirítear go minic sna méain 's sa phobal go ginearálta. Bhí gá ann do ghuth nua i measc na dtuairimí diultacha.

Tar éis dom thart ar 50 alt a fhoilsiú, is mian deireadh nádurtha a chuir leis an bhlag sin. Ní hé nár thaithin sé liom. Táim ag dul in aois (heileó, táim sna late fiachaidí anois...!) agus mothaim nach roinnim a thuilleadh na habhair ná na tuairimí céanna leis an bpearsantacht sin.

Uasdháta tapaidh: fós sa Bhruiséil, fós i gcaidreamh leis an mboc deas céanna ar chuma éigin, agus táim fós ag coimhlint le mo chlann.





Táim réidh anois tuairimí a roinnt libh.




No comments:

Post a Comment